Digitiú chartlann fuaime RTÉ
Raidió Teilifís Éireann: ag tiontú oidhreacht theangeolaíoch na hÉireann ó analógach go digiteach
Móroidhreacht teanga
Cuimsíonn an tionscadal seo, atá ag tarraingt ar mhórchnuasach taifeadtaí fuaime a craoladh ar Raidió Éireann agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar dtús, oidhreacht dhomhain teanga agus chultúir a chlúdaíonn beagnach céad bliain - ó na 1920idí go dtí an bhliain 2000 - agus a áiríonn imeachtaí suntasacha sóisialta, cultúrtha agus polaitiúla. Rinneadh na taifeadtaí seo, a bhíodh á stóráil tráth ar fhormáidí leochaileacha atá imithe i léig anois, amhail téipeanna spóil agus dlúthdhioscaí, a dhigitiú de réir na scothchleachtas idirnáisiúnta chun a gcaomhnú fadtéarmach a chinntiú.

Mór-aisghabháil cartlainne
Agus é bunaithe ar chreat na seandálaíochta meán, d'éirigh leis an tionscadal seo níos mó ná 230,000 uair an chloig d'ábhar cartlainne a aisghabháil ó 83,000 taifead fisiceach. Cinntíonn an tiosncnamh cuimsitheach digitithe seo buanchoimeád ard-dhílseachta na dtaifeadtaí bunaidh agus déanann sé níos inrochtaine iad chomh maith.

Bhain an chéad chéim den phróiseas le lárnú agus athlonnú thart ar 80 tona d’ábhar cartlainne ó thaiscí éagsúla RTÉ ar fud na tíre. Rinneadh caomhnú, sainaithint agus pacáil orthu ansin mar chuid d’fheachtas lóistíochta a ndearnadh comhordú cairéiseach air. Cuireadh críoch leis an tionscadal digitithe le bearta diana um dhearbhú cáilíochta agus le cur i bhfeidhm sreafaí oibre i dtaca leis an mbuanchoimeád digiteach, rud a dheimhníonn sláine ar leibhéal na ngiotán sna formáidí nua-dhigitithe.

Taighde a fheabhsú trí chaighdeánú meiteashonraí
Áiríodh leis an digitiú faisnéis lámhscríofa a chaighdeánú ina meiteashonraí, rud a chuireann go mór le cruinneas agus éifeachtúlacht an phróisis aisghabhála faisnéise do na taighdeoirí a bhíonn ag plé leis an taisclann luachmhar seo. Éascaíonn an cur chuige modheolaíoch seo iniúchadh agus anailís níos doimhne ar thírdhreach ilghnéitheach teanga na hÉireann.

Acmhainn do na glúine atá le teacht
Tá cloch mhíle shuntasach bainte amach ag RTÉ maidir le digitiú agus inrochtaine taifeadtaí fuaime stairiúla, ceann a chaomhnóidh oidhreacht teanga na hÉireann do na glúine atá le teacht. Feidhmíonn tionscadal Canúint.ie mar chás-staidéar ceannródaíoch ar sciar den ábhar sin, ceann a thaispeánann na féidearthachtaí a bhaineann le comhthéacsú saibhir a dhéanamh ar bhailiúchán sainaitheanta canúintí Gaeilge agus ar an gceangal atá acu le háiteanna agus le tréimhsí ar leith.