Eolas faoin tionscadal
Is tionscadal é seo le scothshamplaí de chanúintí réigiúnacha na Gaeilge ó Chartlann RTÉ a chur i láthair an phobail. Tá 200 taifead ann as dhá chontae dhéag agus cuimsíonn siad na ceantair Ghaeltachta mar a thuigtear inniu iad agus ceantair ina bhfuil an teanga imithe i léig le fada an lá. Díríodh ar an tréimhse ó na 1940idí go dtí na 1990idí agus áirítear ann cuid de na taifeadtaí Gaeilge is luaithe ó Chartlann RTÉ.
Roghnaíodh 62 uair a chloig de thaifeadtaí fuaime ón gcartlann agus tá timpeall 20% de sin tras-scríofa, caighdeánaithe agus ionchuardaithe ar an suíomh. Roghnaíodh cainteoirí den scoth a léiríonn ilghnéitheacht na gcanúintí Gaeilge atá le cloisteáil i gCartlann RTÉ. Aithneoidh úsáideoirí an tsuímh seanchaithe cáiliúla Gaeltachta ar nós Peig Sayers, Colm Ó Caoidheáin agus Micí Sheáin Néil Ó Baoill, agus is féidir leo éisteacht le scoth na cainte ó chainteoirí iar-Ghaeltachta ar nós Mícheál Ó Maoldhomhnaigh ó Thiobraid Árann, Maggie McGiff as oirthear Mhaigh Eo nó Jane Nic Ruairí as Tír Eoghain.
Is ó chláracha Gaeilge a craoladh ar RTÉ, idir Raidió Éireann agus Raidió na Gaeltachta, a thagann na taifeadtaí a roghnaíodh. Cloisfear craoltóirí cáiliúla na linne sin, ar nós Proinsias Ó Conluain, Séamus Ennis agus Aindrias Ó Gallchóir i mbun obair pháirce ar fud na tíre, chomh maith le hagallóirí bhlianta tosaigh Raidió na Gaeltachta, ar nós Mícheál Ó Sé, Pádraig Ó Catháin agus Timlin Ó Cearnaigh, agus an stáisiún ag teacht in inmhe.
Tá na taifeadtaí mapáilte ar léarscáil idirghníomhach a fheidhmíonn mar áis bhrabhsála don úsáideoir. Rinneadh tras-scríobh canúnach ar na taifeadtaí a chuirtear ar fáil faoi bhun an tseinnteora fuaime agus é sioncronaithe focal ar fhocal leis an rian fuaime ar bhealach a chuideoidh leis an úsáideoir an comhrá a leanúint. Tá caighdeánú déanta ar na trascríbhinní seo chomh maith agus tugtar an leagan sin mar threoir áit ar bith a imíonn an tras-scríobh ón litriú caighdeánach.
Ceann de na gnéithe is suntasaí den acmhainn seo is ea an chaoi go mbíonn leaganacha canúnacha den fhocal céanna cnuasaithe le chéile faoin leagan caighdeánach. Mar shampla, nuair a chuardaítear ‘cnoc’ beidh idir ‘cnoc’ agus ‘croc’ i measc na dtorthaí. Cuireann sé sin ar chumas an úsáideora cuardach a dhéanamh ar fhocal Gaeilge ar bith, breathnú ar dháileadh na leaganacha canúnacha atá ag an bhfocal sin ar an léarscáil, agus ansin éisteacht le scoth na gcainteoirí ag fuaimniú na leaganacha sin.
Céimeanna an tionscadail
1. Roghnú na dtaifeadtaí
Roghnaíodh na taifeadtaí seo – a ndearnadh digitiú orthu le blianta beaga anuas mar chuid de chlár digitithe Chartlann RTÉ – bunaithe ar an dáileadh geografach, ar líofacht na gcainteoirí, ar chúrsaí inscne, agus ar an gcaighdeán fuaime.
Bhí sé de sprioc ag an tionscadal dáileadh geografach chomh fairsing agus is féidir a bhaint amach sa dóigh is go léireofaí samplaí de chanúintí a bhí beo, más ar an dé deiridh, i lár an 20ú haois, chomh maith le taifeadtaí ó na ceantair a bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt iontu mar theanga phobail sa lá atá inniu ann. Is minic nach raibh ar fáil ach taifead nó dhó ó na ceantair ina raibh an Ghaeilge dulta i léig mar theanga phobail faoi lár an chéid seo caite, ceantair amhail Ó Méith, Co. Lú (Annie Uí Annluain) agus an Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann (Mícheál Ó Maoldhomhnaigh), rud a léiríonn ardluach na míreanna seo mar fhianaise theangeolaíoch agus mar stair shóisialta araon.
Tá i bhfad níos mó ábhair le fáil i gCartlann RTÉ ó na ceantair ina raibh an Ghaeilge fós beo bisiúil sa tréimhse atá faoi chaibidil. Sna cásanna sin éistíodh le lear mór taifeadtaí agus roghnaíodh na cinn is fearr a bhí ag teacht le spriocanna an tionscadail. Cuireadh an dáileadh geografach san áireamh anseo freisin, ach ag leibhéal níos mine, agus é i gceist go mbeadh ionadaíocht ag an oiread fochanúintí agus ab fhéidir laistigh de chontaetha aitheanta Gaeltachta amhail Dún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí. Díríodh go sonrach ar na daoine a aithnítear go forleathan mar scothchainteoirí agus fuarthas comhairle luachmhar ó chraoltóirí agus ó chanúineolaithe ina leith sin. Rinneadh iarracht ar leith guthanna na mban a chur chun cinn sna ceantair seo freisin, chun ró-ionadaíocht na bhfear sa chartlann trí chéile a chúiteamh an oiread agus ab fhéidir.
Maidir le caighdeán fuaime, cuireadh taifeadtaí áirithe as an áireamh toisc an caighdeán fuaime a bheith míshásúil.
2. Meiteashonraí
Is ábhar cartlainne é seo a bhfuil sonraí cuimsitheacha ag gabháil leis cheana a bhuí d’fhoireann cartlainne RTÉ. Rinneadh na meiteashonraí sin a easpórtáil go dtí bunachar sonraí an tionscadail. Cuireadh leis na meiteashonraí sin ar bhealaí áirithe, chomh maith, go háirithe i dtaca le heolas breise faoi na cainteoirí a chlárú. Bhíothas in ann tarraingt ar fhoinsí cartlainne eile amhail Cnuasach Bhéaloideas Éireann chun cuid den eolas seo a aimisú ach níor mhór taighde úr a dhéanamh chun cuid de na bearnaí eolais i leith aois agus ceantar dúchais cainteoiri áirithe a líonadh.
3. Tras-scríobh
Rinne foireann taighdeoirí Gaois tras-scríobh ar na taifeadtaí seo agus é de sprioc acu leagan téacs a sholáthar a bheadh dílis do chanúint an chainteora agus soléite ag an ngnáthdhuine. Chuige sin cinneadh gan dul i muinín an fhogharscríofa chúng (e.g. an Aibitír Idirnáisiúnta Foghraíochta), mar cé go mbeadh a leithéid níos cruinne, is beag duine seachas teangeolaithe oilte a thuigfeadh é. Ina ionad sin, baineadh leas as córas leathan tras-scríbhneoireachta atá bunaithe ar an gcóras a leanadh bailitheoirí béaloidis Choimisiún Béaloideasa Éireann, córas a chloíonn le hortagrafaíocht na Gaeilge chun an fuaimniú a chur in iúl. An míbhuntáiste a bhaineann leis an gcur chuige sin ná nach bhfuil córas caighdeánach ann chun fuaimeanna áirithe a léiriú. Dá bhrí sin, ní miste a admháil gur próiseas trialach é an tras-scríobh seo agus go mbeifear á choigeartú de réir a chéile bunaithe ar athbhreithniú inmheánach agus ar aiseolas ó úsáideoirí an tsuímh (chuig gaois@dcu.ie).
4. Caighdeánú
Baineadh leas as bogearra saincheaptha chun na téacsanna trascríofa a chaighdeánú. Mar chuid den phróiseas seo rinneadh leaganacha canúnacha éagsúla den fhocal céanna a bhraisliú faoin leagan caighdeánach, rud a chuireann go suntasach le feidhmiúlacht chuardaigh an tsuímh. Chomh maith leis sin, tugtar an leagan caighdeánach i gcló liath faoi bhun an leagain chanúnaigh áit ar bith a n-imíonn an tras-scríobh ón litriú caighdeánach, rud a chabhródh leis an úsáideoir leaganacha nach n-aithníonn siad a thuiscint.
5. Ailíniú fórsáilte
An chéad chéim eile sa phróiseas ná na tras-scríbhinní a nascadh leis na taifeadtaí fuaime sa dóigh is go mbeadh gach focal sa tras-scríbhinn sioncronaithe leis an mír chuí den taifead fuaime. Is de thairbhe an phróisis seo gur féidir léim ó chuardach focail ar an leathanach baile go dtí an áit a bhfuil an focal sin le cloisteáil i dtaifeadadh ar leith. Cuireann sé seo le heispéireas an té atá ag éisteacht le taifeadadh freisin mar is féidir an comhrá a leanúint focal ar fhocal a bhuí leis an aibhsiú a dhéantar ar an bhfocal reatha.
6. Foilsiú
Le teacht…
Ábhar maslach
Léiríonn na sleachta roghnaithe ó Chartlann RTÉ ar an suíomh seo éabhlóid na craoltóireachta i leith na Gaeilge thar thréimhse trí scór bliain, agus clúdaíonn siad raon leathan seánraí, ábhar agus guthanna.
Roghnaíodh na taifeadtaí ar mhaithe leis an réimse is leithne canúintí Gaeilge a léiriú bunaithe ar a bhfuil le fáil sna hábhair dhigitithe ó Chartlann RTÉ. Ina measc tá guthanna ó cheantair aitheanta Gaeltachta agus Breac-Ghaeltachta chomh maith le ceantair nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu a thuilleadh.
Toisc go n-eascraíonn ábhar an tsuímh as taifeadtaí a chuimsíonn tréimhse ó na 1940idí go dtí deireadh na 1990idí i stair chraolacháin RTÉ, ba chóir d’úsáideoirí a bheith ar an eolas go léiríonn an t-ábhar seo gnáis agus luachanna ón tréimhse agus ón gcomhthéacs ina ndearnadh na taifeadtaí. I gcorrchás tá caint agus steiréitíopaí diúltacha i gceist atá maslach sa lá atá inniu ann. D’fhéadfaí teacht ar nathanna cainte ann nach bhfuil oiriúnach a thuilleadh, a bhfuil téarmaíocht mhíchruinn iontu nó atá maslach ar bhealaí eile.
Má theastaíonn tuilleadh eolais nó soiléirithe uait i leith an ábhair atá á óstáil ar an suíomh seo, nó más mian leat tuairim a chur in iúl i dtaca le mír ar leith, cuirimid fáilte roimh do thuairimí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann eagarthóireachta ag: gaois@dcu.ie.