Cóipcheart agus admháil

Is le RTÉ cóipcheart na dtaifeadtaí cartlainne a chuirtear ar fáil ó Chartlann RTÉ ar an suíomh seo agus déanann Cartlann RTÉ iad a bhainistiú agus a chaomhnú go digiteach.

Tá meas ag Cartlann RTÉ agus ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, ar chearta na ndaoine lenar cruthaíodh na taifeadtaí craolacháin seo agus déanfaidh siad a ndícheall cosc ​​a chur ar úsáid mhíchuí ar bith a bhainfí as an ábhar atá faoina gcúram.

Cuirtear na taifeadtaí agus na sleachta as na hábhair chraolacháin ar fáil ar an suíomh gréasáin seo chun críocha rochtana poiblí agus taighde. Má tá cead uait ábhar ó Chartlann RTÉ a athfhoilsiú nó má tá ceisteanna agat a bhaineann le cúrsaí ceada nó cóipchirt, scríobh chuig archives@rte.ie.

Is le DCU cóipcheart na dtras-scríbhinní ar an suíomh seo agus cuirtear ar fáil iad chun críocha rochtana poiblí agus taighde faoin gceadúnas CC BY-SA 4.0.

Má úsáideann tú sonraí ó canúint.ie nó má dhéanann tú tagairt do thaifeadadh nó tras-scríbhinn ar leith, ní mór duit admháil chuí a dhéanamh. Molaimid an tagairt seo a leanas:

Palandri, A., Bhreathnach, Ú., Měchura, M., Ó Cleircín, G., & Ó Raghallaigh, B. (2025). Taisce Chanúintí na Gaeilge - Repository of Irish Dialects. DCU. www.canúint.ie